Jump to ratings and reviews
Rate this book

Tromluí

Rate this book
Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b’fhéidir?
Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Gan aige ach brionglóidí aisteacha agus iardhearcaí scanrúla, tá sé ag iarraidh míreanna mearaí a shaoil a chur le chéile arís. Gan de chúnamh aige ach Sinéad - cailín nach bhfuil aon chuimhne aige uirthi ach a deir go bhfuil sí in aon rang leis ar scoil. Tá a fhios ag Sinéad cé hé ach maidir leis na ceisteanna eile níl na freagraí aici siúd ach oiread leis féin.

159 pages, Paperback

First published January 1, 2009

1 person is currently reading
15 people want to read

About the author

Áine Ní Ghlinn

36 books10 followers
Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá céim BA (Gaeilge & Béarla) agus ATO aici ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Dioplóma san Iriseoireacht ó Choláiste Iriseoireachta Londan agus MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster.

Tar éis na bunchéime i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as chun dul ag plé le hiriseoireacht in RTÉ. Chaith sí dhá bhliain ag obair mar thuairisceoir/láithreoir don chlár teilifíse Cúrsaí. Chuir sí roinnt clár raidió i láthair (ina measc The Right to Read & Mirror Mirror) agus d’oibrigh sí mar thuairisceoir ar an Pat Kenny Summer Show. Chaith sí cúpla bliain eile ag obair mar shaor-iriseoir i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Sna blianta sin ba mhinic a bhíodh a guth le cloisteáil ar It Says in the Papers ar RTÉ agus Raidió na Gaeltachta agus ar Cothrom an Lae Seo ar RnaG. Sna blianta sin freisin rinne sí roinnt oibre mar aistritheoir ar théacsleabhair mheánscoile. I 1992 thosaigh sí ag obair mar chlár reachtaire le Raidió na Gaeltachta. D’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha agus irischláir ach ba iad an dá chlár ba mhó ar bhain sí sult astu ná na cláir ealaíne Leabhragán agus Ar an Ardán.

D’fhág sí RnaG le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus faoi láthair tá sí obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasach nua filíochta. Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh do Ros na Rún, TG4.
Bhuaigh an leabhar Céard tá sa Bhosca? (An Gúm, 2002) Gradam Chlann Lir sa bhliain 2003. Fuair sí duais na Gaeilge, i gComórtas Filíochta Bhéal na mBuillí, sa bhliain 2003, Duais na Gaeilge, Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, i 2003 agus Gradam Fhoras na Gaeilge i rith Seachtain na Scríbhneoirí, i Lios Tuathail (2002). Bronnadh Duais Oireachtais (2005) ar an leabhar Fuadach (Cois Life, 2005). Bronnadh duais Oireachtais (2009) ar na leabhair Tromluí (Cois Life, 2009) agus Úbalonga (An Gúm, 2009). Ainmníodh Brionglóidí & Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008) ar ghearrliosta Bisto 2009 agus bronnadh gradam iBbY air i 2010.

Ratings & Reviews

What do you think?
Rate this book

Friends & Following

Create a free account to discover what your friends think of this book!

Community Reviews

5 stars
3 (25%)
4 stars
3 (25%)
3 stars
4 (33%)
2 stars
0 (0%)
1 star
2 (16%)
Displaying 1 - 4 of 4 reviews
Profile Image for Stephanie.
196 reviews5 followers
September 21, 2023
Uhhhhh cad é-nó cá bhfuil ba cheart dom a rá-an deireadh??? Bhí gach cuid eile den scéal ceart go leor agus ní féidir le haon scéal a chríochnú mar sin? Níl aon freagra againn ar céard a tharla d'Eoghan tar éis???
Profile Image for Annemarie.
23 reviews
Read
December 28, 2017
Bhain mé taitneamh as seo, ach cheap mé go raibh sé beagáinín rófhada. Tá teannas maith ann, agus nílimid cinnte cén saghas buachaill é Eoghan ar feadh i bhfad. Léirítear a chara Sinéad go maith freisin - tá a fhios aici cé hé, ach níl a fhios aici cad a bhí déanta aige le déanaí, agus cé a rinne an choir uafásach. Mholfainn é do dhéagóirí. Tá an Ghaeilge réasúnta simplí.
Profile Image for Mary Lea.
12 reviews2 followers
April 17, 2015
Very, very good. The language was clear and simple, the prose spare, and the plot excellent.

(Word of advice, written in Irish. I cannot find an English translation.)
239 reviews3 followers
February 1, 2023
Bhain deireadh an scéil seo geit asam. Nílim cinnte an bhfuil sé in oiriúint do pháistí.
Displaying 1 - 4 of 4 reviews

Can't find what you're looking for?

Get help and learn more about the design.