Thóg se níos faide ná is mian liom admháil chun an leabhar seo a léamh. Thaitin an scríbhneoireacht fhileata an údair go mór liom de réir mar bhíos ag léamh an fhíor-scéal coireachta seo. Ach, b'ionadh liom nár lean an t-údar leis an scéal; ba bheag nár stop sé an insint ag an ndúnmharú deireanach. I mo thuairim, d'fhéadfadh an t-údar cur síos a dhéanamh ar an iarmhairt na sléachtanna ins an leabhar, le hinsint dheireanach ar cad a tharla le Caril Fugate agus Charles Starkweather. Ach, ar chúis éigin, ní dhearna sé seo.