A boy on the run from his parents. An old man on the run from his children. They meet on the train to Dublin and listen to each other’s stories. They understand each other. What will be the result of this new friendship? This book won a 2013 Oireachtas prize.
Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá céim BA (Gaeilge & Béarla) agus ATO aici ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Dioplóma san Iriseoireacht ó Choláiste Iriseoireachta Londan agus MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster.
Tar éis na bunchéime i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as chun dul ag plé le hiriseoireacht in RTÉ. Chaith sí dhá bhliain ag obair mar thuairisceoir/láithreoir don chlár teilifíse Cúrsaí. Chuir sí roinnt clár raidió i láthair (ina measc The Right to Read & Mirror Mirror) agus d’oibrigh sí mar thuairisceoir ar an Pat Kenny Summer Show. Chaith sí cúpla bliain eile ag obair mar shaor-iriseoir i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Sna blianta sin ba mhinic a bhíodh a guth le cloisteáil ar It Says in the Papers ar RTÉ agus Raidió na Gaeltachta agus ar Cothrom an Lae Seo ar RnaG. Sna blianta sin freisin rinne sí roinnt oibre mar aistritheoir ar théacsleabhair mheánscoile. I 1992 thosaigh sí ag obair mar chlár reachtaire le Raidió na Gaeltachta. D’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha agus irischláir ach ba iad an dá chlár ba mhó ar bhain sí sult astu ná na cláir ealaíne Leabhragán agus Ar an Ardán.
D’fhág sí RnaG le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus faoi láthair tá sí obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasach nua filíochta. Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh do Ros na Rún, TG4. Bhuaigh an leabhar Céard tá sa Bhosca? (An Gúm, 2002) Gradam Chlann Lir sa bhliain 2003. Fuair sí duais na Gaeilge, i gComórtas Filíochta Bhéal na mBuillí, sa bhliain 2003, Duais na Gaeilge, Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, i 2003 agus Gradam Fhoras na Gaeilge i rith Seachtain na Scríbhneoirí, i Lios Tuathail (2002). Bronnadh Duais Oireachtais (2005) ar an leabhar Fuadach (Cois Life, 2005). Bronnadh duais Oireachtais (2009) ar na leabhair Tromluí (Cois Life, 2009) agus Úbalonga (An Gúm, 2009). Ainmníodh Brionglóidí & Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008) ar ghearrliosta Bisto 2009 agus bronnadh gradam iBbY air i 2010.
D’éist mé leis seo mar chlos leabhar seachas é a léamh, rud nach ndéanaim riamh, ach táim sásta go ndearna mé é leis an gceann seo. Tá an clos leabhar ar fáil saor in aisce ar Soundcloud.
Taitníonn rithim cheolmhar an scéil liom. Déantar athrá ar abairtí agus fhrásaí faoi leith síos tríd an scéal agus is breá liom é sin. Cuireann an ghnéith cheolmhar seo go mór leis. Tá plota-chlaochlú ollmhór ann nach raibheas ag súil leis. Ní mhillfidh mé aon ní mar sin stopfaidh mé leis seo! Mholfainn an scéal seo go láidir ach go háirithe más rud é go dteastaíonn scéal uait atá éasca le leanúint gan a bheith leadránach in aon chor.
Léigh mé an acmhoire riamh an scéal iomlán... ceistineach. Níl sé chomh dona is a deir roinnt daoine ach níl an scéal go maith ach an oireadh. Buachaill ar a theitheadh...cad a tharlódh?
it was bad and horrendous. it has a predictable and a generic plot. this book costed me 8 fucking euros, 8 euros for just 70 pages about the ticket man not leaving the bloody boy alone on the TRAIN. I would not recommend this book to people who like reading about crimes. Plus this book is only in Irish translation, which made me refund this book back
Never seen that plot twist dawg, like just it happening in the last two chapters as well and with chapter 16 being like two pages long and chapter 17 being almost all the ticket man talking to the Garda like so abrupt and just I was shocked when it happened when we were reading it in class like my jaw actually dropped
Junior cert book. Useful for learning Irish as it is at a fairly easy level. And the audiobook is on soundcloud. I disliked the ending but I understand it suits the target market.
This book was just amazing. Truly a piece of art. I wish I could read this again for the first time. A piece of irish literature. I wish this was around for when I was a child in the great famine