San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado.
Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir.
Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois
Alan Titley is an Irish language author, journalist and critic. He is Professor Emeritus of Modern Irish at University College Cork and a columnist for The Irish Times.