“Ní aistriúcháin a chloisfidh sibh anocht a chairde, aistrithe, athraithe, is caolaithe le huisce aeraithe an Bhéarla a dhéanfadh líomanáid shúilíneach d’fhíon rua mo chuid filíochta.”
(ó “Aistriúcháin”)
bhí mé tar éis cuid de na dánta san leabhar seo (nó b’fhéidir siad uile? chan fhuil a fhios agam go ceart) a léamh cheana, mar atá cuid mhór díobh ina leabhar Sruth Teangacha freisin. ach tá leaganacha seo beagán difriúil, agus ceapaim gur fearr liom cuid díobh mar a nochtann siad anseo ná mar a nochtann siad i Sruth Teangacha — go háirithe “Aistriúcháin”, a dhán is fearr liom.