Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt cogaidh san Afraic agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Scéal a bhfuil an t-uafás agus an daonnacht taobh le taobh ann agus a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
Alan Titley is an Irish language author, journalist and critic. He is Professor Emeritus of Modern Irish at University College Cork and a columnist for The Irish Times.
Bí ar d'aire - milleadh scéil anseo! Ní maith liom scéalta brónacha de ghnáth, ach bhí mé tógtha go mór leis seo. Is leabhar é atá scríofa go maith, agus bhí mé i gcónaí ag iarraidh a fháil amach cad a bhí le tarlú ar an gcéad leathanach eile. Cé go shroicheann an bheirt acu Sasana, níl deireadh sona i ndán dóibh. Cabhraíonn go leor daoine leo, ach tagann daoine eile aniar aduaidh orthu. Sa deireadh thiar thall, ní hé go dteipeann ar mhisneach an phríomhcharachtair agus a chara, ach go ndeantar feall i ndiaidh fill orthu. An rud is mó a chuireann Titley in iúl dúinn ná a laghad cumhachta a mbíonn ag dídeanaithe, agus iad ag lorg tearmainn.
Mo dara uair á léamh, 12 bhliain tar éis na holscoile. Píosa scríobhneoireachta den scoth - is breá liom an caoi a scríodh í, an tsaibhreas teanga agus na nósanna litríochta atá ann. Píosa an-dhifriúl agus is breá sin. Braitheann an scéal gairid seo cosúil le sceitse de bharr na dathanna agus an ghonntacht a úsáidtear ó thús go deireadh. Is scéal trom é afách agus béidir go bhfuil sé insithe go ró ghairid/bunúsach uaireanta (go háirithe ag an deireadh). Ach is breá an leabhar é, bheifeá ag súil le níos mó den scéal! Ceannaithe agam I UCC, Corcaigh.
Dea-obair deantá ag Titley chun teamaí óiriunach imirce agus míchothromaíocht a phlé anseo - éiríonn leis cuir síos cruinn ar saol crua an teifigh a dheanamh, gan a bheith béalchráifeach.
Caithfidh gurb é seo an scéal is brónaí a léigh mé riamh. Níl ann ach drocheachtra i ndiaidh drocheachtra go dtí an deireadh. Drochdheireadh. Ach tá téagar intleachtúil ag baint leis an scéal agus tá sé thar a bheith deascríofa. Ba é a laghad a locht.
Is é scéal iontach. Bigí suim mór agam insna saolta na charactaire. Tá an Gaeilge inléite agus bainim taitneamh as gach líne. Molaim é do léitheoir Gaeilge ag feabhsú.