Cnuasacht gearrscéalta le Máire Dinny Wren. Scéalta faoi mhná láidre ag streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse sna mná seo, tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá siad go léir sna scéalta seo agus iad iomáinte ag tuigsint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a tchítear ar an chéad amharc.
“Cleachtadh a dhéann máistreacht, a deirtear, agus chuige sin ba mhaith liom anois dá samhlódh sibh go léir carachtar amháin daoibh féin. Fear nó bean. Tabhair an carachtar ar an tsaol, cuir feoil agus craiceann uirthi. Smaointigh ar achan ghné a bhaineann léi mar bheadh sí ina suí romhat; ní amháin a hainm, a haois agus a hairde, ach déan cur síos ar a tréithe go léir: cad a itheann sí dá bricfeasta, cén sórt sópa a úsáideann sí, cé hé, nó cé hí, a céadsearc, nó an é go bhfuil grá eile ina saol? Scríobhaigí an méid is féidir libh faoin gcarachtar. Ach ar dtús, smaoinígí ar an saghas carachtair atá sibh chun a chruthú...sionnach i gcraiceann caorach nó duine atá chomh dána le muc. Is cuma nó vaits liom cén saghas carachtair í agus níl aon réans ann. Leanaigí ar aghaidh.”
(bho “Tabhair ar ais an oíche aréir”)
*
co-chruinneachadh iongantach, a’ tarraing air fionnsgeulan agus air beatha an latha an-diugh, gu h-àraid beatha nam ban, mar a their am mìneachadh air cùl an leabhair. mholainn gu mòr e.
My first Irish language book since school. A beautiful collection, although the Donegal Irish was a little difficult to understand // Mo chéad leabhar trí Ghaeilge ó laethanta na scoile. Bailiúchán álainn, ach bhí an Gaeilge Dhún na nGall saghas deacair a thuiscint.
Cnuasach maith. Léargas daonnúil ar mheon na mban. Forbairt de dhíth ar chúpla scéal, a bheadh níos fearr le hathruithe áirithe. Is iad na scéalta osréalaíocha, mar shampla An Mhurúch Bheag agus Tír Hiúdaí, na scéalta is fearr liom.
Scéalta suimiúla. Go fórmhór faoi deachractaí mná (foréigean baile mar shampla)...ach ní amháin mar sin, agus loinnithe i dTír Chonaill. Roinnt acu scríobhta sa chéad phearsan, roinnt sa tríú phearsan. Bhain mé taithneamh astu uilig!