Jump to ratings and reviews
Rate this book

Ó Pheann an Phiarsaigh

Rate this book
Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: "Bríd na nAmhrán", "Íosagán" agus, ar ndóigh, "Eoghainín na nÉan", a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, dramaí, gearrscéalta, filíocht. Bhí sé thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid d'éirigh leis an scoil. Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine 1916.

111 pages, Paperback

Published January 1, 2016

Loading...
Loading...

About the author

Ratings & Reviews

What do you think?
Rate this book

Friends & Following

Create a free account to discover what your friends think of this book!

Community Reviews

5 stars
6 (54%)
4 stars
3 (27%)
3 stars
1 (9%)
2 stars
1 (9%)
1 star
0 (0%)
Displaying 1 - 3 of 3 reviews
Profile Image for Barra.
29 reviews
February 28, 2021
Nach aoibhinn agus nach galánta an leabhar é seo! Bailiúchán iontach atá againn anseo ó Chló Iar-Chonnacht de scríbhneoireacht Phádraig Mhic Piarais. In ainneoin an teanga a bheith fileata agus saibhir, ní leabhar deacair le léamh é ar chor ar bith. Briseann grá an Phiarsaigh do mhuintir na tíre, a phearsantacht agus a chráifeacht fríd gach aon leathanach. Chuir mé dúil ar leith sa chéad leath den díolaim, mar atá, naoi n-aiste a chuireann síos ar 'Lá faoin Tuaith' a chaith an Piarsach ag triall ar Ghoirtín na mBó tráth. Tá botún cló nó dhó le sonrú anseo agus ansiúd san eagrán seo, ach mar sin féin, mholfainn do Ghaeilgeoir ar bith an leabhar seo a cheannach sa chaoi is go mbeidh simpleacht agus áilleacht 'Eoghainín na nÉan', 'Bríd na nAmhrán' agus 'Íosagán' ar aghaidh boise aige. Cheannaigh mé an chnuasach iontach seo sa Spidéal an samhradh seo caite i ndiaidh dom cuairt a thabhairt ar Ros Muc. Tá cuimhní beoga spreagtha ionam le cúpla lá anuas den bhealach a ndeachaigh an áit speisialta sin i bhfeidhm orm a bhuíochas do 'Ó Pheann an Phiarsaigh'.
Profile Image for James.
99 reviews2 followers
December 26, 2019
Bhí sé ceart go leor, níor thaitin sé go mór liom, ach ní raibh an leabhar seo go dona. Má tá tú ag cuardach ar seanchaighdeán gaeilge ó amanna roimhe seo, seo an leabhar duitsa. Ach an rud a chuir isteach orm ná an téama reiligiúnach ar leath na gearrscéalta sa leabhar seo. Chuir siad i gcuimhne dom ar bholscaireacht Chríostaí, agus go pearsanta, ní chuirfidh mé suas le seafóid mar sin. Beidh an-drogall orm an leabhar seo a mholadh.
Profile Image for Bernie.
103 reviews
July 16, 2016
Bhí sé go deas an leabhar a léamh aríst.
I read this book while at school and it was nice to come back to it again
Displaying 1 - 3 of 3 reviews