Tar éis an tsaoil, bhain mé an-áthas agus tairbhe as seo! Don chuid is mó is gaiscíochtaí buachall óig iad na heachtraí seo, agus feictear caidé mar ar eagraigh an t-údar iad de reir a chéile, chun léargas leathan a thabhairt don leitheoir faoi ‘shaol sa Ghaeltacht fadó’. Is leabhar beathaisnéise é de réir dealraimh, agus is leabhar na hathbheochana é fosta.
Tá Jimín i mbuachaill ar nós ‘Michel von Loenneberga’ (Astrid Lindgren), agus é ag déanamh gaiscí go dtí go bhfuil dearg-bhuile nó éadóchas ar a mháthair bhocht. Tá sé soiléar áfach go ndéanann An Seabhac iarracht, an seansaol a chur ar ár súile, ag dul ón fheirm chun na scoile, ó rásanna bád chun an mhargaidh. Tá caibidil faoi mheitheal sa mhóin, faoin Nollaig, agus faoin iascaireacht, agus ansin tá scéal faoi Jimín agus a chara Micilín - seanchairde a bhfuil pluais bhithiúnach nó ‘robbers’ den’ acu - ag márú cait chun fáil amach an bhfuil sé fíor go bhfuil naoi saol ag an chréatur.
Ach is í an chaibidil dheireanach an ceann is corraithí: faigheann Jimín amach go bhfuil scoil chónaithe agus an tsagartóireacht i ndán dó. Is deacair é a chreidiúint – nach drochscoláire é Jimín? Bhuel, is léir go raibh ar an údar stop a chuir leis an leabhar agus gur fíorscéal é seo – seachas nach ndéarnadh sagart as ag an deireadh. Leabhar deas, agus cé go bhfuil cuma leabhar páistí air, is píosa béaloideasa ar nós ‘Fiche Bliain ag Fás’ é fosta.