[Ón gclúdach] 1864 - tá cathair Bhéal Feirste á réabadh as a chéile ag círéibeacha seicteacha. Tagann William Watters, bleachtaire neamhghnách leis an Chonstáblacht Éireannach, salach ar bhiogóideacht na cathrach nuair a thugann sé fianaise faoi dhúnmharú Caitlicigh agus cuirtear amach as an chathair é le tuairisc a scríobh nach léifidh duine ar bith choíche ar áiseanna leithris i mbeairicí tuaithe. Agus é ar an chamchuairt seo lena chomhghleacaí, Cameron, faigheann sé amach go bhfuil dúnmharfóir de chineál eile i mbun gnó ar bhóithríní ciúine an tuaiscirt, agus téann an bheirt acu ar a thóir ...
Thaitin an leabhar seo go mór liom. Bhí aistriúchán léite agam roimhe seo leis an údar céanna ar an leabhar cáiliúil Seapánach ´Rashomon´, ach seo an chéad leabhar atá léite agam a scríobh Ó Dúrois féin. Tá cúlra an scéil suimiúil ann féin, tá an scéal suite i mBéal Feirste agus in áiteanna éagsúla ar fud Chúige Uladh, thart ar 20 bliain tar éis an Ghorta Mhóir, breis is 60 bliain tar éis Éirí Amach 1798, ach le macallaí na imeachta sin le cloisteáil, go fann, go fóill. Ach chomh maith leis sin ar fad, tá an scéal ann féin iontach suimiúil agus na príomhcharachtair, leis. Sórt scéil bhleachtaireachta atá ann a mheallann spéis an léitheora go dtí an deireadh. Léigí é.