Scríobhadh an leabhar seo chun treoir a thabhairt faoin dóigh ar chóir glacadh leis an bhfilíocht d'fhonn pléisiúr agus tairbhe a bhaint aisti. Míníonn sé nádúr agus teicníocht na filíochta agus an oiliúint dhaonna atá le fáil inti. Mar léiriú ar a bhfuil le rá ag an údar tá sleachta líonmhara ann as dánta i dteangacha éagsúla. Beidh an leabhar ina chabhair do lucht múinte agus do lucht léirmheasta na filíochta in aon teanga - go háirithe sa Ghaeilge, ar ndóigh.