What do you think?


Cuisle an Chósta
Sa bhailiúchán soléite seo de cholúin raidió agus nuachtán, tugtar cuntas suimiúil ar shaol laethúil phobal cheantar na Rinne, agus léargas ar ghnéithe sainiúla a bhaineann le cultúr agus oidhreacht na háite. Nasctar na caibidlí le míonna na bliana sa gcaoi is go dtugtar léargas ar eachtraí éagsúla thar bhliain iomlán sna Déise. Saibhríonn na léaráidí an spléachadh seo ar shaol comhaimseartha phobal Gaeltachta agus an daonnacht céanna atá le feiceáil sna haistí le sonrú iontu. Bhuaigh leagan den saothar seo an chéad duais sa rannóg ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta i gComórtais Liteartha an Oireachtais, 2016.
128 pages, Paperback
Published December 1, 2019
Ratings & Reviews
Friends & Following
Create a free account to discover what your friends think of this book!
Community Reviews
Displaying 1 - 1 of 1 review
August 5, 2026
Cnuasach aistí gairide bunaithe ar Ghaeltacht na Rinne agus ceantar máguaird na nDéise atá sa leabhar so. Oiriúnach d'fhoghlaimeoirí fásta. Go pearsanta, ba mhaith liom níos mó den chanúint na nDéise a fheiscint ins an leabhar so, ach tuigim go bhfuil na haistí seo dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge agus mar san bheadh an Ghaeilge scríofa ins an Caighdeán Oifigiúil. Fós féinig tá rian den Gaelainn na Rinne le feiscint anso is ansúd tríd an leabhar.
Do mholfainn é d'foghlaimeoirí.
Do mholfainn é d'foghlaimeoirí.
Displaying 1 - 1 of 1 review


