Dán: Beach

I measc na sluaite
á bhfáil réidh don deire’ seachtain’
d’aimsíos beach mór aonair
traochta ar an gcosán, i mbaol a bháis
is stop mé mo shiúl
nuair a chuireadh m’óige i gcuimhne orm

Nuair a d’ísligh mo mháthair go glúine
sa gháirdín ina raibh a croí
agus mhínigh tábhacht na mbeach don saol;
a gcuma séimh, a gcuid oibre is maithis
‘gus gurb é costas a gcosaint ná gcuid saol

Ansin, rinneas mar a mhúin sí dom;
neamhaird a dhéanamh ar na móraibh im’ thimpeall
agus a n-easpa airde go dtí gur stopas
is chuireas ‘mach mo lámh
nuair a d’árdaigh sé a lámh leochaileach chugham

Phiocas suas é go cúramach
agus sinn i lár na coincréite
chun an bpísín is lú d’fhéir a aimsiú faoi chrann
le faoiseamh a thabhairt dó.

Sa nóiméad sin, thuigeas i gceart
Go mairfidh sí istigh ionam go brách.

Corcaigh, Feabhra 2024

 •  0 comments  •  flag
Share on Twitter
Published on February 21, 2024 04:58
No comments have been added yet.