Ceallra Á Luchtú

Is annamh dom teacht ar dhaoine le Gaeilge i gCathair Chorcaí, agus is annaimhe arís comhrá substainteach fiúntach a bheith agam as Gaeilge agus mé cois Laoi.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil cainteoirí Gaeilge timpeall na cathrach seo; déarfainn go maith go bhfuil, ach is annamh domsa teacht orthu. Tá imeachtaí ann sa chathair ar nós Sos Lóin / Iar-Ama, an Pop-Up Gaeltacht, agus mar sin de, ach aon uair agus na himeachtaí siúd ar siúl, is cosúil go mbímse gnóthach. Sin mar atá – níl aon locht ar éinne leis sin.

Mar sin, bhí sé go haoibhinn dom am a chaitheamh thar chupán caife le duine mór i saol na Gaeilge le déanaí; Risteárd Mac Annraoi. Cé gur bhuail muid trí chairde ag ócáid ag Eaglais Naomh Áine sa tSeandún tamall ó shin, chuir muid aithne ceart ar a chéile nuair a bhí muid beirt ag caifé cois Laoi thar an deireadh seachtaine seo caite. Tá go leor leor leabhar foilsithe ag Risteárd, go leor acu ina saothar aistriúcháin go Gaeilge, idir na húrscéil mhóra ar nós Agatha Christie, go scéalta eile nach mbeadh mórán eolais ag an domhan mór orthu. Duine fíorshuimiúil atá ann, agus bhí mé buíoch go bhfuair mé deis comhrá deas fada a bheith agam leis. Thug sé leabhar dom mar bhronntanas agus mé ag imeacht ón gcaifé; cnuasach litríocht na Breatnaise a d’aistríodh go Gaeilge aige, ag bualadh ar ábhar ar phlé muid faoin gceangal (nó easpa de) idir phobail na Gaeilge agus na Breatnaise sa ghnáthshaol laethúil.

Tá mé sásta go raibh a leithéid de chrinniú agam, ar chúpla cúis. ‘Sí an phríomhchúis ná go mothaím lán le fuinneamh rialta socruithe i ndiaidh dom comhrá ceart a bheith agam as Gaeilge. Deirimse ‘ceart’ mar ní leor beagchaint, ní fiú cúpla nath cainte nó comhrá bunúsach le foghlaimeoir (cé gur deas a leithéid, ach is beag fiúntas a bhainim as). Déanann comhrá ceart maitheas do m’anam, luchtann sé mo cheallraí ar nós sreang leitreachais a nascadh liom. Táimse mar an gcéanna le comhrá ceart a bheith agam i mBéarla, go deimhin, agus mé ag séanadh na beagchainte, ach tá fiúntas faoi leith ann má fhaighim as Gaeilge é.

Cé nach labhraím go minic í cois Laoi, tá sí fós tábhachtach dom.

 •  0 comments  •  flag
Share on Twitter
Published on August 21, 2023 08:28
No comments have been added yet.