Dán: Sensommer

Tá laethanta ann ina bhfuil an t-aer úr glan 'gus éadrom is sonas na ndaoine le mothú le teas na gréine ar do chraiceann. Súigh isteach go mall é sin; ar nós fíona milse a roghnaíodh go cúramach dod' theanga is d'anam le blas an tsamhraidh a fhanfadh leat go brách Mar thiocfaidh gan dabht laethanta níos fuaire nuair a chuirfidh na cuimhní siúd suaimhneas ort, compord séimh agus an lá ag teacht chun deiridh.

Corcaigh, 6 Meán Fómhair 2023

Nóta: Ciallaíonn "sensommer" deireadh an tsamhraidh as Danmhairgis.
1 like ·   •  0 comments  •  flag
Share on Twitter
Published on September 06, 2023 05:03
No comments have been added yet.